Tá áthas ar Phleanáil Teanga Chonamara Láir go bhfuil an Scéim Gaelchara ré
Nuacht
Comórtas Grianghrafadóireachta Chonamara Láir

Tá Pleanáil Teanga Chonamara Láir ag reáchtáil comórtas grianghrafadóireachta. Pictiúir de cheantar Chonamara Láir amháin a ghlacfar leo. Is iad na bailte Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal & Sraith Salach atá i gConamara Láir. Tá teorainn Chonamara Láir le feiceáil sa mapa seo thíos. Beidh na grianghraif le feiceáil ar an suíomh idirlín www.conamaralair.ie chomh maith le meáin shóisialta Chonamara Láir. Tá trí dhearbhán luach €100, €50 agus €30 le buachadh. Roghnófar na buaiteoirí go randamach. Beidh sé suas do na buaiteoirí ceann de shiopaí Chonamara Láir a phiocadh leis na dearbháin a chaitheamh iontu. Má tá tú ag iarraidh deis ceann de na dearbháin a bhuachadh, níl le déanamh ach do ghrianghraif chomh maith le d’ainm, d’uimhir fóin, teideal an phictiúir agus an ceantar ar tógadh an pictiúr ann a sheoladh chuig eolas@conamaralair.ie Tá téarmaí agus coinníollacha an chomórtais le fáil anseo.
Ardán ar líne do ghnóthaí agus imeachtaí Chonamara Láir

An bhfuil tú lonnaithe i gceantar Chonamara Láir agus tú ag rith gnó nó ag eagrú imeachtaí sa gceantar? An bhfuil ardán ar líne ag do ghnó nó ag d’imeacht? Mura bhfuil, is féidir clárú le www.conamaralair.ie soar in aisce! Níl le déanamh ach an fhoirm sa nasc thíos a íoslódáil agus a sheoladh ar ais chuig eolas@conamaralair.ie Foirm chun gnóthaí/eagraíochtaí a chlárú Foirm chun imeachtaí a chlárú Is iad na ceantair Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal, Sraith Salach, Iorras Beag, Inis Ní agus An Léim atá i gConamara Láir. Tá teorainneacha Ghaeltacht Chonamara Láir marcáilte amach ar an mapa seo. Cén sórt gnó/imeacht ar féidir a chlárú? Is féidir aon chineál gnó/imeacht a chlárú linn saor in aisce chomh fada agus go bhfuil tú lonniathe i gConamara. Cén fáth go gcláródh tú le www.conamaralair.ie? Ardán ar líne do do ghnó nó d’imeacht. Saor in aisce le clárú. Fáil ar ghnóthaí & imeachtaí Chonamara Láir ar aon láthair amháin. Fiú má tá ardán ar líne ag do ghnó/imeacht cheana féin is féidir nascadh leis an suíomh seo. Súil againn turasóirí chuig an gceantar a dhíriú chuig an suíomh idirlín. Súil go mbeidh daoine ag úsaid www.conamaralair.ie […]
Cairdeas, Seirbhís Béile ar Rothaí do cheantair Chill Chiaráin, Charna agus An Chaisil
Cuirfear tús le Cairdeas, seirbhís Béile ar Rothaí ar an Luan, 22 Meitheamh 2020 ar mhaithe le freastal ar bhonn caighdeánach ar dhaoine i gceantar Chill Chiaráin, Charna & An Chaisil, le go mbeidh ar a gcumas maireachtáil go sláintiúil agus go neamhspleách ina dtithe cónaithe féin. Is í aidhm Cairdeas ná seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine aonair agus dá muintir chun tacú le maireachtáil ina bpobal. Beidh an tseirbhís ag feidhmiú trí lá sa tseachtain, Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine sna ceantair Cill Chiaráin, Carna & An Caiseal. Tá deis ag daoine an tseirbhís a úsáid ar feadh lá amháin, dhá lá nó trí lá gach seachtain. Déanaimid ár ndícheall caidreamh dearfach a chruthú sa bpobal lena chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais go léir. o Caidreamh a chruthú le daoine aonair agus le teaghlaigh sa phobal o Seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar agus a chothabháil sa phobal o A chinntiú go gcaitear le cliaint le dínit agus le meas o Oibriú i gcomhar le gnólachtaí áitiúla agus le gairmithe cúram sláinte áitiúla chun leanúnachas seirbhísí a chinntiú Íoslódáil leagan Word den fhoirm chláraithe anseo Íoslódáil leagan PDF den fhoirm chláraithe anseo Má theastaíonn uait an tseirbhís […]
Maverick iON MS-28 Servo MV28061, MV28060 Servo Horn & Screw
Preiser 30496 H0 Hochzeitskutsche offen, Truck 6WD Bausatz grün 22354 Amewi RC 1:16 U.S, DUCATI CORSE Motorräder Diecast 1/24 Modelle Ducati 996 F01 2001, 2600kv Brushless Motor Outrunner D2822-8 260 Watt. Herpa Military Minitanks 1:87 746045 T-34/76 deutsche Kommandantenkuppel. Maverick iON MS-28 Servo MV28061, MV28060 Servo Horn & Screw. 4104 Motorritzel 19T 2 Stück Ersatzteil für Bonzer 2008, Kibri 13587 MB 4-achs mit MEILLER Sattelkipper Spur H0 Bausatz, Klohõuschen NEU OVP Noch 14359, Carrera Digital 132 BMW M4 DTM 30835, NEU OVP Märklin H0 48919 Sondermodell IMA 2019, Maverick iON MS-28 Servo MV28061, MV28060 Servo Horn & Screw. Rc Drone Motor Gear Motor Getriebe Ritzel Zahnräder Teil für E58 S168 Jy019, Eduard Accessories 648159 Tornado IDS wheels for Revell in 1:48. Hobbywing Goldkontakt Stecker Set 4.0mm 3 Paar HW86070010.BMW X5 F15 SUV Schwarz 3 Generation Ab 2013 1/24 Welly Modell Auto mit oder ohn. NOCH 32830 Stecktannen 25 Stück 3,5-9 cm hoch N/Z. Maverick iON MS-28 Servo MV28061, MV28060 Servo Horn & Screw.
Gaelchara 2020

Tá áthas ar Phleanáil Teanga Chonamara Láir go bhfuil an Scéim Gaelchara réidh le seoladh acu. Is scéim piolótach í seo a bhfuil sé d’aidhm aici deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gceantar Chonamara Láir (Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal & Sraith Salach) feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Déanfar é seo trí dheis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chleachtadh mar theanga bheo i suíomh Gaeltachta. Tabharfar deis don fhoghlaimeoir achar ama a chaitheamh i gcomhluadar cainteora dúchais (an Gaelchara). Beidh an foghlaimeoir in ann cur lena scileanna teanga trí a bheith páirteach i ngníomhaíocht nó caitheamh aimsire leis an gcainteoir dúchais: bíodh sé ina imeacht sóisialta; ag cleachtadh spóirt; ag cleachtadh ceirde; nó trína bheith páirteach i ngníomhaíocht nó i gcaitheamh aimsire de chineál eile. Cuirfear €250 ar fáil don fhoghlaimeoir agus €250 ar fáil don chainteoir dúchais. Is é an Aoine 31 Iúil 2020 an spriocdháta. Tá tuilleadh eolais le fáil ón Oifigeach Pleanála Teanga, Briocán Bairéad ag opt@conamaralair.ie nó 087 1678607. Beidh na rudaí seo a leanas curtha san áireamh agus an t-iarratas á mheas: Tiomantas agus dúthracht na niarrathóirí maidir le húsáid na Gaeilge. Cur síos soiléir ar an ngníomhaíocht/caitheamh aimsire […]