Cuirfear tús le Cairdeas, seirbhís Béile ar Rothaí ar an Luan, 22 Meitheamh 2020 ar mhaithe le freastal ar bhonn caighdeánach ar dhaoine i gceantar Chill Chiaráin, Charna & An Chaisil, le go mbeidh ar a gcumas maireachtáil go sláintiúil agus go neamhspleách ina dtithe cónaithe féin.
Is í aidhm Cairdeas ná seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar do dhaoine aonair agus dá muintir chun tacú le maireachtáil ina bpobal.
Beidh an tseirbhís ag feidhmiú trí lá sa tseachtain, Dé Luain, Dé Céadaoin & Dé hAoine sna ceantair Cill Chiaráin, Carna & An Caiseal. Tá deis ag daoine an tseirbhís a úsáid ar feadh lá amháin, dhá lá nó trí lá gach seachtain.
Déanaimid ár ndícheall caidreamh dearfach a chruthú sa bpobal lena chinntiú go gcomhlíontar na riachtanais go léir.
o Caidreamh a chruthú le daoine aonair agus le teaghlaigh sa phobal
o Seirbhísí ar ardchaighdeán a sholáthar agus a chothabháil sa phobal
o A chinntiú go gcaitear le cliaint le dínit agus le meas
o Oibriú i gcomhar le gnólachtaí áitiúla agus le gairmithe cúram sláinte áitiúla chun leanúnachas seirbhísí a chinntiú
Íoslódáil leagan Word den fhoirm chláraithe anseo
Íoslódáil leagan PDF den fhoirm chláraithe anseo
Má theastaíonn uait an tseirbhís seo a úsáid, níl le déanamh agat ach an fhoirm chláraithe a líonadh isteach agus a sheoladh ar ais chugainn láithreach chuig Cairdeas, Forbairt Chonamara Láir Teo., Teach an Údaráis, Carna, Conamara , Co. na Gaillimhe nó glaoch a chur orainn ag 087 329 4478.