Mar gheall go bhfuil níos mó daoine ag dul amach anois ag siúl agus ag tógáil pictiúir álainn den cheantar, shocraigh Pleanáil Teanga Chonamara Láir Comórtas Grianghrafadóireachta a reáchtáil. Síníonn limistéar Chonamara Láir ó Chamus go hInis Ní agus chomh fada ó thuaidh leis an Sraith Salach. Gheobhaidh an buaiteoir leis an ngrianghraf is deise Hoodie Phleanáil Teanga Chonamara Láir agus beidh a phictiúr curtha chomh maith ar Fhéilire 2022 agus ar an nuachtlitir míosúil. Beidh téama difriúil i gceist gach mí agus is é téama mí Feabhra ná ‘Tús an Earraigh’. Ní ghlacfar ach le griangraif atá tógtha laistigh de limistéar Chonamara Láir amháin. Chomh maith leis seo, beidh foirm scaoilteach le síniú ag an ngrianghrafadóir. Ar ndóigh, impíonn an Fhoireann Pleanála Teanga do gach duine a bheith sábháilte agus fanacht laistigh den teorainn 5km (de réir threoirlínte sláinte agus sábháilteacht COVID-19 Leibhéal 5). Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ocpt@conamaralair.ie chun breis eolais a fháil faoin gcomórtas.
Comórtas Grianghrafadóireachta 2021
Cuardaigh
Físeán de cheantar Chonamara Láir
Catagóirí Blag
Tags
Nuacht

Fógra Poist- Forum Conamara
August 17, 2021
Tá folúntais ag FORUM Connemara CLG do cheithre phost faoin gclár 'Ag

Comórtas Grianghrafadóireachta 2021
April 6, 2021
Mar gheall go bhfuil níos mó daoine ag dul amach anois ag siúl agus ag

Gaelchara 2021
July 8, 2020
Tá áthas ar Phleanáil Teanga Chonamara Láir go bhfuil an Scéim Gaelcha