Mar gheall go bhfuil níos mó daoine ag dul amach anois ag siúl agus ag tógáil pictiúir álainn den cheantar, shocraigh Pleanáil Teanga Chonamara Láir Comórtas Grianghrafadóireachta a reáchtáil. Síníonn limistéar Chonamara Láir ó Chamus go hInis Ní agus chomh fada ó thuaidh leis an Sraith Salach. Gheobhaidh an buaiteoir leis an ngrianghraf is deise Hoodie Phleanáil Teanga Chonamara Láir agus beidh a phictiúr curtha chomh maith ar Fhéilire 2022 agus ar an nuachtlitir míosúil. Beidh téama difriúil i gceist gach mí agus déanfar moltóireacht neamhspléach orthú.
*Nóta: Ní ghlacfar ach le grianghraif a tógadh laistigh de limistéar Chonamara Láir. Ina theannta sin, iarrfar ar an ngrianghrafadóir foirm scaoilteach a shíniú.
Is féidir ríomhphost a sheoladh chuig ocpt@conamaralair.ie chun breis eolais a fháil faoin gcomórtas.