An Caiseal
Baile beag é an Caiseal ar chósta thiar na hÉireann. Tá radhairc breátha de thír agus de mhuir le feiceáil ó bharr Chnoc an Chaisil. Tá an Caiseal timpeall 64.2 km/40 míle as Cathair na Gaillimhe agus 24.6km/15.3 míle as baile an Chlocháin. Is ceantar é atá saibhir i gceol agus i ndamhsa. Tá iarsmaí Rátha (Ring Fort) ar an gCaiseal chomh maith le Tuama Meigiliteach ar a dtugtar Altóir Ula. Ceaptar gur baineadh úsáid as mar chloch Aifrinn freisin i rith aimsir na bpéindlíthe nuair nach raibh cead an creideamh Caitliceach a chleachtadh.
Cashel is a small town on the west coast of Ireland. There are beautiful views of land and see to be seen from the top of Cashel Hill. Cashel is about 64.2km/40 miles from Galway City and 24.6km/15.3 miles from Clifden town. It is an area that is rich in music and dance. There are relics of a Ring Fort in Cashel as well as a Megalithic tomb that is called Ula's Alter. It is believed that it was also used as a site for Mass during the Penal Laws era when it was outlawed to practice the Catholic religion.


Teach Ghlinnsce
Beár, Bialann agus Siopa Ceardlainn
Bíonn Teach Ghlinnsce oscailte seacht lá na seactaine idir Aibreán agus Meán Fómhair. Bíonn sé oscailte Dé hAoine, Dé Sathairn & Dé Domhnaigh idir mí Dheireadh Fómhair agus mí an Mhárta.

Rudaí Le Déanamh
Más ag rothaíocht nó i gcarr atá tú ag taisteal, tá cuid de na radhairc is breátha i gConamara le feiceáil agus tú ag taisteal ar an lúb seo.
Agus tú ag tabhairt d’aghaidh siar ó Chathair na Gaillimhe ar bhóthar an Chósta, R336, tiocfaidh tú chomh fada le Doire an Fhéich, Casla. Cas ó thuaidh agus tabhair d’aghaidh ar Scríb. 7 gciliméadar suas an bóthar sin, tiocfaidh tú chomh fada le Camus Íochtair. Lean an bóthar ar thaobh na láimhe clé a thabharfaidh thart timpeall Chamuis tú agus chomh fada le Fáinne Chamuis, pointe sár-radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tabharfaidh bóthar Chamuis amach ar an R336 arís tú go dtiocfaidh tú go Scríb.
Ag Scríb tóg an bóthar ar chlé, R340, a thabharfaidh tú chomh fada le hIonad Cultúrtha an Phiarsaigh agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Féadfaidh tú turas a thabhairt ar an Ionad Cultúrtha agus ar an teach saoire a bhí ag ceannaire Éirí Amach 1916.
Má leanann tú an R340, rachaidh tú go Cill Chiaráin agus Carna, ceantar Iorras Aithneach, áit a bhfuil tránna áille agus radhairc breátha.
Tabharfaidh an R340 chomh fada leis an gCaiseal tú, áit a bhfuil Tuama Meigiliteach.
Ag deireadh an R340, cas ar dheis agus tabharfaidh an N59 chomh fada leis an Sraith Salach tú, áit a bhfuil Máméan, láthair oilithreachta in ómós Naomh Pádraig.
