Is struchtúr forbartha áitiúil é Forbairt Chonamara Láir Teo., atá ag feidhmiú i gceantar Chonamara Láir ó 2007. Tá an t-eagras déanta suas d’ionadaithe ó choistí pobail sa gceantar feidhme – siad sin C.P. Chamuis, C.P. Ros Muc, C.P. Chill Chiaráin, C.P. Charna, C.P. an Chaisil agus C.P. Shraith Salaigh. Tá clár oibre an eagrais bunaithe ar riachtanais aitheanta agus féidearthachtaí forbartha an cheantair agus tá inchur láidir ag baill an choiste bainistíochta anseo. Tá an t-eagras lárnach i bhforbairt tograí agus seirbhísí pobail áitiúla, m.sh. soláthar áiseanna pobail, seirbhísí riaracháin agus tacaíochta. Trí dhíriú isteach ar fhorbairt acmhainní áitiúla, an timpeallacht nádúrtha, an turasóireacht, an fharraige agus an cultúr, tá sé mar aidhm ag an eagras feabhas agus forbairt a chur chun cinn ar mhaithe le saol eacnamaíochta agus sóisialta phobal an cheantair.

ÍOSLÓDÁIL Leabhrán FCL ANSEO
Loading…

Má leanann tú ag úsáid an tsuímh seo, glacann tú le fianáin. tuilleadh eolais

Tá sé socraithe go huathoibríoch ar an suíomh idirlín go gceadófar fianáin leis an taithí brabhsála is fearr a thabhairt duit. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh gan socraithe fianáin a athrú nó cliceáil ar ‘Glacaim’ tá tú aontú leis seo.

Close