Tá áthas ar Phleanáil Teanga Chonamara Láir go bhfuil an Scéim Gaelchara réidh le seoladh acu.
Is scéim í seo a bhfuil sé d’aidhm aici deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gceantar Chonamara Láir (Camus, Ros Muc, Cill Chiaráin, Carna, An Caiseal & Sraith Salach) feabhas a chur ar a gcuid scileanna teanga. Déanfar é seo trí dheis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chleachtadh mar theanga bheo i suíomh Gaeltachta. Tabharfar deis don fhoghlaimeoir achar ama a chaitheamh i gcomhluadar cainteora dúchais (an Gaelchara). Beidh an foghlaimeoir in ann cur lena scileanna teanga trí a bheith páirteach i ngníomhaíocht nó caitheamh aimsire leis an gcainteoir dúchais: bíodh sé ina imeacht sóisialta; ag cleachtadh spóirt; ag cleachtadh ceirde; nó trína bheith páirteach i ngníomhaíocht nó i gcaitheamh aimsire de chineál eile.
Cuirfear €250 ar fáil don fhoghlaimeoir agus €250 ar fáil don chainteoir dúchais.
Is é an Aoine 30 Iúil 2021 an spriocdháta. Tá tuilleadh eolais le fáil ón Oifigeach Pleanála Teanga, Anne Uí Dhonnacha ag opt@conamaralair.ie nó 087 1875384.
Beidh na rudaí seo a leanas curtha san áireamh agus an t-iarratas á mheas:
- Tiomantas agus dúthracht na niarrathóirí maidir le húsáid na Gaeilge.
- Cur síos soiléir ar an ngníomhaíocht/caitheamh aimsire agus ar an amchlár oibre.
- Cur síos ar spriocanna teanga an fhoghlaimeora agus ar ar an mbealach a bhainfear na spriocanna sin amach.
- Luach breise: gníomhaíocht nó uaireanta breise agus gníomhartha eile a chuirfidh le hacmhainn teanga an fhoghlaimeora.
Eolas eile
- Tá an scéim oscailte: (i) d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá ag cur fúthu i Limistéar Pleanála Teanga Chonamara Láir, agus (ii) do chainteoirí dúchais gurb as Limistéar Pleanála Teanga iad.
- Níl an scéim seo oiriúnach do ghlantosaitheoirí nó iad siúd gan bunscileanna na teanga. Tabharfar tús áite d’iarrathóirí a bhfuil leibhéal réasúnta Gaeilge acu, (meánleibhéal íseal nó níos airde).
- Ní féidir leis na hiarrathóirí aon cheangal fola nó pósta a bheith eatarthu.
- Beidh ar na rannpháirtithe meastóireacht agus tuairisciú rialta a dhéanamh trí dhialann teanga a choinneail agus taifead a dhéanamh ar an dul chun cinn.
- Is painéal neamhspléach a dhéanfaidh measúnú ar na hiarratais agus is iad a dhéanfaidh an cinneadh
- Tá an scéim seo teoranta mar gheall gur scéim phíolótach í.
Ciste
- Cuirfear €250 ar fáil don fhoghlaimeoir Gaeilge agus €250 ar fáil don chainteoir dúchais.
- Íocfar €100 ag tús na scéime agus an chuid eile nuair atá Oifig Pleanála Teanga Chonamara Láir sásta go bhfuil an clár críochnaithe go sásúil ag na rannpháirtithe.
- Caithfear aon mhaoiniú a cheadófar a éileamh taobh istigh de thréimhse 7 mí ón litir thairisceana.
- Mar gur scéim phíolótach í seo, tá an ciste iomlán teoranta.
Próiseas Iarratais
Caithfidh iarrathóirí foirm iarratais a líonadh isteach. Déanfar measúnú ar na foirmeacha iarratais agus roghnóidh painéal neamhspléach na rannpháirtithe.
Is féidir iarratas a dhéanamh go haonarach nó i dteannta foghlaimeora / cainteora dúchais. Cuirfear Foghlaimeoirí/Cainteoirí Dúchais aonaracha le Foghlaimeoirí/Cainteoirí Dúchais eile.
Tá an fhoirm iarratais le fáil ach teagmháil a dhéanamh le opt@conamaralair.ie nó 087 1875384.