Radius: Off
Radius:
km Set radius for geolocation
Search

Más ag rothaíocht nó i gcarr atá tú ag taisteal, tá cuid de na radharcanna is breátha i gConamara le feiceáil agus tú ag taisteal ar an lúb seo.

Agus tú ag tabhairt d’aghaidh siar ó Chathair na Gaillimhe ar bhóthar an Chósta, R336, tiocfaidh tú chomh fada le Doire an Fhéich, Casla. Cas ó thuaidh agus tabhair d’aghaidh ar Scríb. 7 gciliméadar suas an bóthar sin, tiocfaidh tú chomh fada le Camus Íochtair. Lean an bóthar ar thaobh na láimhe clé a thabharfaidh thart timpeall Chamuis tú agus chomh fada le Fáinne Chamuis, pointe sár-radhairc ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tabharfaidh bóthar Chamuis amach ar an R336 arís tú go dtiocfaidh tú go Scríb.

Ag Scríb tóg an bóthar ar chlé, R340, a thabharfaidh tú chomh fada le hIonad Cultúrtha an Phiarsaigh agus Teach an Phiarsaigh i Ros Muc. Féadfaidh tú turas a thabhairt ar an Ionad Cultúrtha agus ar an teach saoire a bhí ag ceannaire Éirí Amach 1916.

Má leanann tú an R340, rachaidh tú go Cill Chiaráin agus Carna, ceantar Iorras Aithneach, áit a bhfuil tránna áille agus radharcanna breátha.

Tabharfaidh an R340 chomh fada leis an gCaiseal tú, áit a bhfuil Tuama Meigiliteach.

Ag deireadh an R340, cas ar dheis agus tabharfaidh an N59 chomh fada leis an Sraith Salach tú, áit a bhfuil Máméan, láthair oilithreachta in ómós Naomh Pádraig.

 

Address

Our Address:

-

GPS:

53.422240279325, -9.647972043779

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Má leanann tú ag úsáid an tsuímh seo, glacann tú le fianáin. tuilleadh eolais

Tá sé socraithe go huathoibríoch ar an suíomh idirlín go gceadófar fianáin leis an taithí brabhsála is fearr a thabhairt duit. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh gan socraithe fianáin a athrú nó cliceáil ar ‘Glacaim’ tá tú aontú leis seo.

Close