Tosaíonn an tsiúlóid seo ag Reilig Mhaírois. Ina sheasamh sa reilig, feicfidh tú fothrach séipéil a cheaptar a tógadh sa séú haois. Freisin in aice láimhe tá láthair ar a raibh teampall Protastúnach agus scoil a tógadh sa mbliain 1855.
Téann tú ó dheas ansin ar Thrá Mhaírois chomh fada le Gob a’ Phuint. Leanann tú ort ag siúl trí chladach achrannach go dtiocfaidh tú go dtí an Trá Mhóir. Coinnigh ort díreach ar feadh 500m thar ghóilín beag agus céibh. Cas ar chlé ag an teach beag bán atá le taobh na farraige.
Nuair a thiocfaidh tú chomh fada seo tá dha rogha agat.
- Cas ar dheis i dtreo Cheann Mhása thar Stáisiún Aimsire Cheann Mhása. Ar Cheann Mhása feicfidh comhartha ó aimsir an dara cogadh domhanda. Comhartha a thug le fios d’eitleáin an chogaidh go raibh Éire neodrach le linn an chogaidh. Tá Club Spaisteoireachta Iorras Aithneach tar éis an comhartha seo a athchóiriú. Tá radhracanna breátha as an áit seo ar Oileán Mhic Dara agus ar an bhfarraige mhór.
- Cas ar chlé le dhul ar ais chuig Reilig Mhaírois. Tugann an bóthar trí Dhumhaigh Ithir tú chomh fada leis an gcéibh ag Trá Mhuighrois, áit a mbeidh radharc breá agat ar na Beanna Beola, Iorras Beag agus eile.