Radius: Off
Radius:
km Set radius for geolocation
Search

Titeann Lá Mhic Dara ar an 16 Iúil.

Mír nuachta faoi Lá Mhic Dara a rinne TG4 in 1997 le fáil anseo

Mír nuachta faoi Lá Mhic Dara a rinne TG4 in 2000 le fáil anseo

Seo scéal atá le fáil i mBailiúchán na Scol faoi Naomh Mac Dara. Is féidir teacht ar an bhfoinse ag an nasc seo a leanas https://www.duchas.ie/en/cbes/4591085/4589097 

Céadta blian ó shoin do chómhnuigh Naomh i gCárna dárb ainm Mac Dara. Ar oileán beag trí mhíle amach ón gcósta bhí comhnuidhe air. Bhí séipéal beag aige dá raibh ceann cloch air agus deirtear gur thóg na hAingle dhó é in aon oidhche amháin. Tá fotharaigh an teampaill sin in a seasamh fós agus tá tobar beannuighthe an Naoimh san oileán freisin.
Mhair sé in a aonar san oileán sin agus ní bhíodh de bhiadh aige acht arbhar a mheileadh sé féin le dhá chloich agus braon uisge. Anois is aríst bhíodh iasg úr aige agus nuair a ghabhfadh aon duine isteach san oileán thiubhradh sé braon bainne chuige.
Sé nós atá ag na daoine riamh ná na seolta d’ísliú ag dul thar Oileán Mac Dara in onóir don Naomh. Uair amháin rinne máirnéalach éicint faillighe ar an nós sin agus báthadh é cúpla céad slat ón oileán. Tugtar ‘Mac Dara’ fós mar ainm ar go leor páiste sa pharóiste mar gheall ar na Naomh.
Tuiteann lá Fhéile Mac Dara ar an 16adh d’Iúl. Téigheann lear mór daoine go h-Oileán Mic Dara an lá sin chuile bhliain ar oilitricht. Na daoine nach dtéigheann chuig an Patrún, bíonn siad ag obair sa bhaile. Ceaptar go bhfuil an Naomh curtha san oileán.

 

Address

Our Address:

amach ó chéibh an Mhása, Charna, Co. na Gaillimhe

GPS:

53.305424666365, -9.9204477071762

Telephone:

-

Email:

-

Web:

-

Má leanann tú ag úsáid an tsuímh seo, glacann tú le fianáin. tuilleadh eolais

Tá sé socraithe go huathoibríoch ar an suíomh idirlín go gceadófar fianáin leis an taithí brabhsála is fearr a thabhairt duit. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh gan socraithe fianáin a athrú nó cliceáil ar ‘Glacaim’ tá tú aontú leis seo.

Close