Seo scéal atá le fáil i mBailiúchán na Scol faoin tobar. Is féidir teacht ar an bhfoinse ag an nasc seo a leanas https://www.duchas.ie/ga/cbes/4591085/4589092
Is óna hathair (65 bliain) a fuair Áine Ní Mhaoilchiaráin (15 bliana), Ruisín na Manach, Carna an scéal seo a leanas.
Tá tobar beannuighthe i Ruisín – na- manach, a dtugtar ‘Tobar Muire’ air. Deirtear go raibh teach in aice leis fadó, agus go raibh go leor gasúr ann. Bualadh tinn na gasúir le droch ghalar, agus ceapadh nach raibh leigheas le n-aghaidh.
Lá amháin bhí an mháthair amuigh sa ngarrdha ag gol go géar, mar cheap sí gur fearr go mbeadh a clann san uaigh. D’fhéach sí thart, agus chonnaic sí bean uasal áluinn ingar dí. D’fhiafruigh an bhean uasal dhi, tuige a riabh sí ag caoineadh agus d’fhreagair sí go raibh a gasúir ag fághail bháis. ‘Ó ná bac le bheith ag gol’ a deir an bhean eile, ach éirigh go moch maidin amáireach agus gabh amach chuig an tobar seo inaice leat. Beir leat canna, agus tóg isteach lán canna de’n bhainne a bhéas san dtobar romhat. Óladh na gasúir é. Annsin dimthigh an stróinséar.
Maidin lae ar an bhárach rinne an mháthair mar dúbhradh léithe agus chomh luath is bhí an bainne ólta ag na gasúir, bhí siad chomh breagh sláinteamhail is bhíodar ariamh.
B’é tuairim na gcomharsan gurbh í an bhean uasal an Mhaighdean Mhuire, agus go dtí an lá atá indiú ann teigheann daoine ar thuras spioradálta go dtí an tobar sin chuile bhlian.
Lá Muire beag sa bhFóghmhar tugtar an turas ann. Gabhann siad thart timcheall an tobair seachr n-uaire, tógann siad seacht gclocha, gach uair a dteigheann siad thart caitheann siad cloch isteach sa dtobar, tar éis an phaidir ”Sé do bheatha Mhuire’ agus ‘Glóir do’n Athair agus do’n Mhac’ a rádh. Má tá páiste tinn ag mnaoi, agus má ghabhann sí chuig an tobar, agus má fheiceann sí féiceacán ann, comhartha é sin go mbeidh an páiste leighiste nuair a ghabhfas sí abhaile. Tógtar uisge as abhaile, agus cuimiltear ar dhaoinibh tinn sa bhaile é. Fágtar a lán rudaí ag an tobar- blátha, pighneacha, pictiúrí, sean-phaidríní, buinn, faochana beaga is araile.