Déantar ceiliúradh ar Lá Ciarán ar an 9ú Meán Fómhair.
Mír nuachta faoi Lá Ciarán a rinne TG4 in 2003 le fáil anseo
Seo scéal atá le fáil i mBailiúchán na Scol faoin tobar. Is féidir teacht ar an bhfoinse ag an nasc seo a leanas https://www.duchas.ie/en/cbes/4613709/4611172
Sorcha Ní Allmhuráin a scríobh an píosa seo leanas ó bhéal-aithris a máthar, Máire Uí Allmhuráin, Oileán Iarthach, Rosmuc na Gaillimhe.
Ba fear an-naomhtha é Naomh Ciarán. Chuir sé go leor mainistreacha ar bun i n-Éireann. Is é a chuir ar bun Chluann Mhac Nóis ar bun i naice na Sionaine. Is i n-Árainn a fuair Ciaran a chuid sgolaidheachta. Fuair sé bás ar an naomhad lá de Mheadhon Fhóghmhair agus tá lá mór again ar an lá sin ó shoin. Tá tobar déanta ann le h-aghaidh daoine a bheith ag tabhairt turais ann agus cill bheag ann fadó a rinne Ciarán agus tá Cill Chiarán mar ainm ar an áit ó shion. Tagann go leór daoine ag tabhairt turais ann de h-Aoine nó Dé Domhnaigh.
Tugann siad leo cuid de’n chaonach a mbíonn ag fás ar na clocha mar tá sé go maith le h-aghaidh leighis dhá mbeadh créacht ar dhuine a bheadh dona gearr go mbeadh sé go maith.