Baile beag é an Caiseal ar chósta thiar na hÉireann. Tá radharcanna breátha de thír agus de mhuir le feiceál ó bharr Chnoc an Chaisil. Tá an Caiseal timpeall 64.2 km/40 mile as Cathair na Gaillimhe agus 24.6km/15.3 míle as baile an Chlocháin. Is ceantar é atá saibhir i gceol agus i ndamhsa. Tá iarsmaí Rátha (Ring Fort) ar an gCaiseal chomh maith le Tuama Meigiliteach ar a dtugtar Altóir Ula. Ceaptar gur baineadh úsáid as mar chloch aifrinn freisin i rith aimsir na bpéindlíthe nuair nach raibh cead an creideamh Caitliceach a chleachtadh.

Showing 2 from 2 Items

Count:
Sort by:
Order:
Top
Testimonials  |  Info: There are no items created, add some please.

Má leanann tú ag úsáid an tsuímh seo, glacann tú le fianáin. tuilleadh eolais

Tá sé socraithe go huathoibríoch ar an suíomh idirlín go gceadófar fianáin leis an taithí brabhsála is fearr a thabhairt duit. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh gan socraithe fianáin a athrú nó cliceáil ar ‘Glacaim’ tá tú aontú leis seo.

Close