Tá Carna suite in Gaeltacht Chonamara ar chósta thiar na Éireann. Tá sé lonnaithe in áit a bhfuil radharcanna áille de shléibhte, portaigh agus an fharraige. Tá sé thart ar 87km/53míle ó chathair na Gaillimhe agus 36.2km/22.5míle ó bhaile beag an Chlocháin. Tá na daoine áitiúla dhátheangach ag labhairt a dteanga dúchais Gaeilge agus tá siad líofa sa mBéarla chomh maith. ls ceantar saibhir é ina bhfuil cultúr an cheoil, na hamhránaíochta, na scéalaíochta agus an damhsa go láidir ann. Tá cultúr na farraige an-láidir sa gceantar seo agus an traidisiún saor báid - curachaí agus húicéirí na Gaillimhe. Tá séipéal ón séú haois ar oileán Mhic Dara atá suite amach ó chósta Chonamara. Is é Naomh Mac Dara an pátrún áitiúil agus an pátrún d’iascairí agus do bhádóirí. Bíonn Aifreann ar siúl ar an oileán gach bliain ar an 16ú Mí Lúil. Tá suíomhanna stairiúla in aice le Loch Scainimh (1 míle ó Carna), tá cloch calanais agus crannóg le feiceáil ann, tá fothracha túr na Breataine ón cogadh Napoléon (1803-1815) le feiceáil ar chnoc An Choilín in aice le Carna.

Showing 10 from 11 Items

Count:
Sort by:
Order:
Top
Testimonials  |  Info: There are no items created, add some please.

Má leanann tú ag úsáid an tsuímh seo, glacann tú le fianáin. tuilleadh eolais

Tá sé socraithe go huathoibríoch ar an suíomh idirlín go gceadófar fianáin leis an taithí brabhsála is fearr a thabhairt duit. Má leanann tú ort ag úsáid an tsuímh gan socraithe fianáin a athrú nó cliceáil ar ‘Glacaim’ tá tú aontú leis seo.

Close