An Ghaeilge

Dán a chum Mairéad Uí Dhomhnaill as Maíros d’ócáid seolta Phlean Teanga Chonamara Láir.

Tá an Ghaeilge lag, tá sí ag snámh in aghaidh easa,
Mura ndéanfar rud éicint, gheobhaidh rudaí níos measa.
Tá teanga cheilteach ár sinsear ar leaba a báis,
`s fiafraím do Ghael an é seo deireadh a ráis.

Níor chuidigh an bochtanas san aimsir a bhí,
Ní raibh aon obair sa tír, bhí daoine i ndroch chaoi.
Chuaigh ár muintir thar sáile, ní raibh acu ach í,
Ach d`fhill siad abhaile le teanga Sheáin Bhuí.

Tá sí lag le fada, ní bhfuair sí tacaíocht ná aire,
`s tá teanga na Banríona á labhairt gan náire.
Céard a cheapfeadh an Piarsach, an Gaorach‘s Ó Conaire,
Chaith siadsan a saol le grá agus meas uirthi.

Gan an teanga Ghaeilge nach muid a bheadh balbh,
Ní bheadh muirín sa mbeirtreach ná báid ins an gcaladh.
Ní bheadh a fhios faoin taoille trá, mallmhuir ná lán mhara,
`s ní bheadh an tAifreann Gaeilge ar Oileán Mhic Dara.

Ní bheadh lointhe sa gcuinneog ná feac ins an laí,

Ní bheadh an maistreadh á dhéanamh ná fataí á lánadh.

Ní bheadh an coca san iothlainn ná an mhóin á gróigeadh,

`s ní bheadh an greasaí lena cheap ag deasú na mbróga.

I gceantar Chonamara, níl an rás fós rite,
Tá dóchas ag forbairt, tá na pleanálaithe suite.
Nach éasca a dhéantar dearmad, ar an gcáca atá ite,
Ach tá mise ag rá leatsa, níl an plean seo ach bruite.

A Bhriocán ‘s Áine go n-éirí an bóthar libh,
Tá grá agaibh don Ghaeilge, molaim go láidir sibh.
Tá seod luachmhar ár sinsear, faraor, ag dul i léig,
Ach tá an bheirt cheart ar na maidí, ‘s ní shin anois bréag.

Tá an plean teanga anois seolta, déanfadh muid ar fad iarracht,
Labhródh muid an Ghaeilge mar a déanadh leis an tsíoraíocht.
Ná bíodh sé le rá gurb í an ghlúin seo a chlis uirthi,
Fágadh muid mar a fuair muid í, ó tá an síol arís curtha.